A Musician's Journey Through Tradition and Art

Arts And Culture News

A Musician's Journey Through Tradition and Art
Traditional Music, Steve Cooney, Irish Culture

A musician reflects on their musical beginnings in Belfast, the profound influence of guitarist Steve Cooney, and their appreciation for nature and the visual arts.

Chonaic mé Lúnasa ag seinm i mBéal Feirste nuair a bhí mé 18 agus i mo mhac léinn in Ollscoil na Ríona. Bhí Michael McGoldrick, John McSherry, Donogh Hennessy, Trevor Hutchinson agus Seán Smyth mar a bheadh réaltaí rac-cheoil ann.

D’oscail siad doras nua dom. Thuig mé go bhféadfaí an traidisiún a chur i láthair ar bhealach úr, fuinniúil, domhanda. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, thosaigh mé ag seinm le Mike agus John sa ghrúpa At First Light: fíoraíodh an aisling. Cén t-ealaíontóir beo is mó a bhfuil meas agat air?

Tá meas as cuimse agam ar Steve Cooney, fear a tháinig ón Astráil agus a chruthaigh a spás féin sa traidisiún. D’fhorbair sé stíl iomlán úr ar an ngiotár a d’athraigh an tionlacan go deo. Thug sé é féin don cheol, don teanga, don amhránaíocht agus don draíocht. Bhí sé de phribhléid agam Sé mo Laoch: Steve Cooney a léiriú do TG4, agus is fíorluachmhar an rud é am a chaitheamh leis agus foghlaim uaidh.

Tá meas as cuimse agam ar Steve Cooney, fear a tháinig ón Astráil agus a chruthaigh a spás féin sa traidisiún. D’fhorbair sé stíl iomlán úr ar an ngiotár a d’athraigh an tionlacan go deo. Is as Sléibhte Chuailgne mé ó dhúchas, agus bhí na cnoic sin mar chúlghairdín agam agus mé ag fás aníos. Anois tá cónaí orm ag bun Bheann Mhadagáin i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Téim amach go minic ag siúl le mo mhadra, Bran. Is féidir Loch Lao, Loch Cuan agus fiú sléibhte na hAlban a fheiceáil ar lá gléineach agus tugann na radharcanna sin suaimhneas agus spreagadh dom. Cad é an réimse cruthaitheach ba mhaith leat a fhiosrú mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair? B’aoibhinn liom a bheith i m’ealaíontóir físiúil.

Ar an drochuair ní raibh an cumas sin agam riamh, agus b’fhéidir gurb é sin an fáth a bhfuil meas chomh mór agam ar ealaíontóirí amhairc. Is mór agam saothar ealaíontóirí comhaimseartha Éireannacha mar Lorcán agus Brian Vallely, Tríona Hobson, Barry Kerr, Ailbhe Ní Bhriain agus Paul Walls.le mo mháthair, Eithne Ní Uallacháin. Bhí sé speisialta a bheith ag obair léi sa stiúideo i mBaile Raghnaill, Contae Aontroma, sular cailleadh í.

Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh? Dúirt ceoltóir, a raibh ardmheas agam uirthi, go raibh “mothú agus macántacht” i mo chuid ceoil a d’fhág go raibh sé “fíor agus beo. ” Ní bhaineann sé le foirfeacht theicniúil i gcónaí, ba mhór an misneach dom é sin a chloisteáil.

“Fan sa lána céanna agus ná glac rioscaí. ” Ní oibríonn sé sin san ealaín ná sa traidisiún. Caithfear a bheith fiosrach, oscailte agus misniúil. Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?

Bhí mo sheanmháthair, Rose O’Connor, mar mhúinteoir fidle agam. De bharr go raibh mo thuismitheoirí ag taisteal leis an ngrúpa Lá Lugh, chaith mé go leor ama léi. Mhúin sí dom ceol, ach chomh maith leis sin, cócaireacht, fíodóireacht, garraíodóireacht agus péintéireacht. Bhí sí foighneach, eolach, cineálta agus lán grá.

Féachaim siar ar an am sin agus tá mé fíorbhuíoch. Bhí an t-ádh orm. Tógadh mé i dteaghlach ceolmhar cruthaitheach. Bhí ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí, filí agus bailitheoirí amhrán ag teacht isteach chugainn go rialta.

Ní raibh lá ar bith mar an gcéanna, bhí an traidisiún beo timpeall orainn i gcónaí. Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá? Chonaic mé Gwerz Live sa Bhriotáin ag Fest-Noz nuair a bhí mé thart ar 10 mbliana d’aois: Jacky, Dominic agus Patrick Molard, Jean-Michel Veillon, Alain Genty agus Soig Siberil.

Níor thuig mé ag an am cé chomh tábhachtach is a bhí siad, ach mhothaigh mé an draíocht. Táim an-tógtha le ceol Nils Frahm le déanaí, an bealach a gcomhcheanglaíonn sé fuaimdhreach, mothúchán agus teicneolaíocht. Tá caighdeán iontach ard ann, ach tá dúshláin mhóra fós ann maidir le maoiniú agus inbhuanaitheacht. Teastaíonn infheistíocht leanúnach agus fís fhadtéarmach chun tacú le healaíontóirí agus le hinstitiúidí.

Áiteanna a bhfuil stair agus scéal iontu, sléibhte, farraigí, agus spásanna ina mbuaileann daoine le chéile chun ceol a roinnt. Is aoibhinn liom am a chaitheamh i leithinis Ros Goill i dTír Chonaill, Cinn Mhara, Contae na Gaillimhe agus Oileán Paxos sa Ghréig. Tá borradh faoi leith ann faoi láthair. Tá níos mó ealaíontóirí ag glacadh leis an teanga mar mheán cruthaitheach nádúrtha.

Tá sé ag tarlú mar go bhfuil muinín nua ann agus pobal atá sásta éisteacht agus páirt a ghlacadh. Beidh Dónal O’Connor ag seinm ag an Shorelines Arts Festival i bPort Omna, Contae na Gaillimhe, ar an 11 Meán Fómhair mar bhall den Muireann Nic Amhlaoibh Trio.

Actor Olwen Fouéré: ‘I firmly believe we are in the last days of the Anthropocene’Bon Jovi at Croke Park: Thunderous choruses prove you can’t keep a good song down A Wicklow woman in Marbella: ‘I would make friends in the summer and they would then go home. But I found my tribe’ Farmer Phil: ‘The story goes that a tree in our field was planted by Cromwell’s grandchildren 350, 400 years ago’

We have summarized this news so that you can read it quickly. If you are interested in the news, you can read the full text here. Read more:

IrishTimes /  🏆 3. in İE

Traditional Music Steve Cooney Irish Culture Visual Arts Belfast

 

Ireland Latest News, Ireland Headlines

Similar News: You can also read news stories similar to this one that we have collected from other news sources.

George Miller's Three Thousand Years of Longing Explores Storytelling, Romance, and Three Millennia of HistoryGeorge Miller's Three Thousand Years of Longing Explores Storytelling, Romance, and Three Millennia of HistoryGeorge Miller's visually spectacular fantasy drama follows a British narratologist who unwittingly releases a Djinn in Istanbul, leading to a sweeping, philosophical journey through three thousand years of history, love, and the nature of storytelling itself.
Read more »

Where to Watch and Stream Online – Entertainment.ie Where to Watch and Stream Online – Entertainment.ieJason Dessen is abducted into an alternate version of his life. To get back to his real family, he embarks on a harrowing journey to save them from the mos...
Read more »

TV guide: the best new shows to watch, starting tonightTV guide: the best new shows to watch, starting tonightAugust 30th-September 4th highlights: including The Traitors Ireland, Sandi’s Ireland: A Literary Journey and Live from the Lycett Arms
Read more »

Skellig Michael: A Sacred Island JourneySkellig Michael: A Sacred Island JourneyExplore the historic Skellig Michael, Ireland's first marine national park, where monks thrived for 600 years in harsh conditions. Marvel at the well-preserved beehive huts, stunning ocean views, and the wildlife-rich Atlantic waters.
Read more »