An ceol i gcroílár an cheiliúrtha d’Oíche Chultúir 2026

Ireland News News

An ceol i gcroílár an cheiliúrtha d’Oíche Chultúir 2026
Ireland Latest News, Ireland Headlines

Thall is Abhus: Oíche Chultúir 2026; Deis do chéimithe agus potsolas ar Ealaíontóirí Éireannacha.

4 MIN READ Is gearr go mbeidh pobail ó bhun go barr na tíre ag ceiliúradh Oíche Chultúir 2026 agus neart imeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta beartaithe an Aoine bheag seo, 18 Meán Fómhair.

Níl dabht ar bith go mbeidh an ceol i gcroílár an cheiliúrtha sa phríomhchathair i mbliana agus scoth na n-ealaíontóirí le teacht le chéile ag imeacht speisialta saor in aisce de chuid Raidió na Life i dteach tábhairne Cleary’s ar Shráid Amiens. Tabharfar ardán do chuid de na hainmneacha is mó sa cheol Gaelach – Torby, Saibhin, hHH agus Cúán de Búrca ina measc.

Chomh maith leis sin, beidh Trad Dioscó ar siúl ar champus Naomh Pádraig do dhuine ar bith a bhfuil fonn damhsa orthu ar an oíche. Cuirfear spotsolas ar Bhuaiteoir Shean-Nós na mBan 2025, Clíona Ní Ghallachóir, ag oíche amhránaíochta i Leitir Ceanainn agus spreagtar ceoltóirí na háite a gcuid uirlisí a thabhairt leo agus a bheith páirteach san imeacht fosta.

Más i nGaeltacht Thír Chonaill a bheidh tú, beidh imeacht speisialta saor in aisce in Amharclann Ghaoth Dobhair leis an Chrann Óg agus ceoltóirí eile.a dhéanfaidh ceiliúradh ar an cheol agus ar an teanga ag Ionad Pobail Chill Chiaráin. Beidh beárbaiciú, dioscó Gaelach agus léirithe beo ó cheoltóirí áitiúla le saibhreas agus éagsúlacht cheol Chonamara Láir a chur os chomhair an phobail.

Cuirfear oíche amhránaíochta ar an sean-nósI measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar siúl an Aoine bheag seo beidh Sí Gong, comhoibriú cruthaitheach idir an teiripeoir fuaime Ann Casey agus an file Julie Goo a bheidh ar siúl i gCathair Chorcaí. Léireoidh an bheirt filíocht nua-aimseartha na Gaeilge le fuaimeanna leighis agus le cuisle leictreonach.

Beidh roinnt imeachtaí acadúla ar siúl fud fad na tíre chomh maith, cosúil le ranganna beaga saor in aisce san Araibis, sa Chróitis, sa Ghaeilge, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, san Ísiltíris, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa tSeapáinis, agus i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann. Is mar chuid d’Oíche Chultúir agus Lá Eorpach na dTeangacha a bheidh na ranganna sin ar siúl i dTeach na hEorpa i mBaile Átha Cliath.

Beidh ceardlann spraíúil ar siúl i Muineachán le deis a thabhairt do dhaoine na hamhráin is ansa leo a aistriú go Gaeilge. Beidh ceol beo, comhairle phraiticiúil agus deis d’amhrán féin a cheol ag an deireadh.

Gheobhaidh muintir Luimnigh spléachadh ar an seanchóras scríbhneoireachta ogham ag ceardlann ar leith i gColáiste Mhuire gan Smál agus beidh deis acu foghlaim faoin stair agus tábhacht a bhaineann leis an chóras, na litreacha éagsúla agus an ceangal atá acu leis an dúlra agus leis an chultúr Gaelach. Tá an comhlacht léiriúcháin Fíbín Media ag iarraidh cur lena chriú agus deis ar leith á fógairt do chéimí “uaillmhianach” a bhfuil grá don Ghaeilge agus suim sna meáin acu.

Oibreoidh an céimí seo go lánaimseartha leis an fhoireann bainistíochta, léiritheoirí agus comhpháirtithe seachtracha chun ábhar nua Gaeilge a fhorbairt. Gheobhaidh siad taithí ar gach gné den phróiseas léiriúcháin – tobsmaointeoireacht, scríbhneoireacht, eagarthóireacht agus iarléiriúchán ina measc. Chomh maith leis sin, cuirfear deis ar fáil dóibh bualadh le daoine gairmiúla san earnáil agus tús a chur lena n-aistear féin sna meáin.

Tá Fíbín sa tóir ar dhuine a bhfuil céim sa Ghaeilge nó disciplín ábhartha eile acu chomh maith le heolas den scoth acu ar chraoltóireacht Ghaeilge agus ardáin dhigiteacha. Ag caint di le Scéal an tseachtain seo, dúirt Katelyn Hayes, Láithreoir agus Léiritheoir le Fíbín Media, go mbeidh “an céimí seo ag obair taobh thiar den cheamara ar thograí éagsúla ó thús go deireadh, ag foghlaim ó na léiritheoirí agus faoi na róil ar leith a bhíonn ag gach duine ar seit.

“Beidh taithí phraiticiúil i gceist leis an ról freisin, go mbeidh an deis ag an duine dul amach ar an mbóthar agus go bhfeicfidh siad cén chaoi a n-oibríonn gach duine lena chéile. Níl taithí ar bith ag teastáil don ról ach tá sé tábhachtach go bhfuil siad ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoin earnáil.

” Tá go dtí an 24 Meán Fómhair ag céimithe cur isteach ar an ról seo agus níl le déanamh ach CV a sheoladh chuigSpotsolas ar Ealaíontóirí Éireannacha – The Mary Wallopers Tá na Wallopers le cluinstin ar aerthonnta na hÉireann le roinnt mhaith blianta anuas, agus más aon chomhartha é an t-aistear a bhí acu i saol an cheoil go dtí seo, tá 2027 den scoth i ndán dóibh! Faigheann an grúpa inspioráid ó cheol tíre agus traidisiúnta na hÉireann agus meascann siad liricí cumhachtacha le rithim phuncach phreabach – meascán ar leith a sheasann amach sna cairteacha agus a dhéanann ceannródaithe den bhanna.

, ag deireadh na seachtaine seo agus tabharfaidh na Mary Wallopers faoi shraith ceolchoirmeacha rúnda ón oíche anocht go lá an tseolta . Caith súil arar na meáin shóisialta má tá tú sa tóir ar thicéad, mar go nochtfar sonraí gach ceolchoirme ar an lá féin.

MOST READLandlord who advertised house at higher rent after evicting family ordered to pay €15,000Removal of whiskey tariff ‘step in the right direction’ for hard-hit sectorIrish unity rather than protests the focus of US coverage of Trump visit

We have summarized this news so that you can read it quickly. If you are interested in the news, you can read the full text here. Read more:

IrishTimes /  🏆 3. in İE

 

Ireland Latest News, Ireland Headlines

Similar News: You can also read news stories similar to this one that we have collected from other news sources.

Dunbar Abandoned Stage 20 with Injury as Mas Secures Vuelta LeadDunbar Abandoned Stage 20 with Injury as Mas Secures Vuelta LeadThe 2026 Vuelta a España saw Eddie Dunbar crash out of Stage 20 with a fractured collarbone, while Spain's Enric Mas seizes overall victory and Mikel Landa wins a challenging stage in Collado del Alguacil.
Read more »

Oasis set to return to Slane after mysterious video hints at 2026 concertsOasis set to return to Slane after mysterious video hints at 2026 concertsOnline speculation suggests Oasis will perform at Slane Castle in September 2026, following a social media post showing Liam Gallagher in a field resembling the venue. The video echoes a 1995 image of Gallagher at Slane, fueling rumors of a return after previous controversial appearances.
Read more »

Emmy Awards 2026: A Knight of the Seven Kingdoms and All Her Fault among Irish interestEmmy Awards 2026: A Knight of the Seven Kingdoms and All Her Fault among Irish interestHBO Max drama The Pitt is tipped for victory with 25 nods across several categories
Read more »

How can my daughter make the most out of her visit to Higher Options 2026?How can my daughter make the most out of her visit to Higher Options 2026?She is developing her perspective on future careers and RDS exhibition is a good place to start
Read more »