Cabhair an cheoil

Ireland News News

Cabhair an cheoil
Ireland Latest News, Ireland Headlines

Tá a céad albam eisithe ag Lucy Rice, nó Last Apollo mar is fearr aithne uirthi. Labhair sí le Emma Ferrari faoin saothar agus faoin bpróiseas.

Ar ardán, d’fhágfadh glór cumhachtach Lucy Rice i do staic thú. I bpearsa tá sí cáiréiseach, séimh, cairdiúil. Tá sí fillte ar Bhaile Átha Cliath i ndiaidh seal trí bliana a chaitheamh i Londain.

Tréimhse foghlama: “chaith muid an t-am ag staidéir próisis taifeadta, seónna beo, albaim dhifriúla. Sin a deirim faoin am sin, go raibh mé ag staidéar. ” Bhí cáil ar Last Apollo - a hainm stáitse - roimhe sin, ach le haird tháinig súilíochtaí, ar féidir iad a bheith ina n-ualach agus ealaíontóir ag aimsiú áite sa saol.

“Bhí muid ag déanamh gigeanna, ach ní raibh mé compordach leis an aird. Bhíodh slua ann, gach focal acu, ach bhí mé ar ardáin ag smaoineamh ‘ní maith liom an ceol seo’. Bhí ‘ reputation’ agam. I Londain bhí spás ann le haghaidh rudaí a thástáil.

Daoine nua gan réamhchlaontaí. Sin agus Serigio…” Léiritheoir is ea Sergio Maschetzko a raibh meas mór ag Lucy air agus a d’oibrigh le leithéidí Black Country agus New Road. Ba gheall le tairngreacht ar deireadh é: “Ó mo dhia! Bhí muid go léir inár luí ar leaba Naoise.

Chuir Naoise Snow Globes ar siúl le Ants From Up There… Agus muid ag stánadh ar an tsíleáil dúirt mé ‘b’fhéidir go n-aimseoimid léiritheoir cosúil le Sergio, agus taispeánfaimid an t-amhrán seo dóibh lena thuiscint céard atá uainn’. Anois, i ndiaidh a bheith ag obair leis, ag ithe dinnéir ina theach, smaoiním faoin oíche sin, muid ar fad caite ag ár bpostanna deacra, sa teach garbh sin… a leithéid de rud?!

” Cé go raibh siad tógtha le fuaim Black Country, níl amhras ach go bhfuil a bhfuaim shainiúil féin mar thoradh ar a gcuid oibre, an t-albam I’ll Walk Towards You, ar a mbriseann téaduirlisí téagartha ina dtonnta i gcoinne carraigeacha rac-cheoil. Is é an cúlra clasaiceach atá aici a saintréith agus a bua, ach bhí Lucy drogallach tagairt dó ar dtús.

“Bhuail mo bhanna le chéile ar an ollscoil - ag staidéar cumadóireachta . Bím neirbhíseach go mbíonn cuma mhóiréiseach air sin, nó go gcothódh sé coimhthíos. ” Tá a machnamh déanta aici ar an ábhar, agus aistí scríofa aici ag impí ar shaol an cheoil chlasaicigh oscailt do sheánraí eile.

“Níl a lán daoine nua ag teacht chuig an seánra. Baineann sé le hairgead agus fachtóirí eile ach ceapaim go bhfuil sé tábhachtach gan smaoineamh faoi sheánraí mar spásanna nach bhfuil cead dul isteach iontu. Is fuath liom nuair a chuirtear ceoltóirí i gcúinne amháin, cosúil leis na 1950idí agus buachaillí agus cailíní ar thaobhanna difriúla an halla - sin an íomhá atá i mo cheann! Táim sásta go bhfuil daoine ábalta mo cheol a úsáid mar thúsphointe.

” Más láidir ceol an albaim is láidre an scríbhneoireacht leochaileach chruthaitheach chroíúil. Is léir scil na gceoltóirí a bhíonn ag seinm le Last Apollo, ach míníonn Lucy nach í sin a bpríomhbhua: “Níl mé ábalta a rá cé chomh tábhachtach is atá siad. Is iad mo chairde ar dtús iad, ansin mo bhanna. Fuair siad glaochanna gach lá: mise ar an tolg ag rá ‘nílim ábalta, tá sé ródheacair, tá daoine i bhfad níos fearr ann.

’. Níor chaill siad foighne, dúirt siad ‘is féidir, tá tú á dhéanamh ar na fáthanna cearta’. ” Tá gá le misneach in earnáil nach bhfuil an t-infreastruchtúr ag freastal ar chruthaitheoirí, bac atá tugtha faoi deara ag Lucy: “Níl mo bhanna buartha faoi thóir a bheith orainn nó faoi cheirníní a dhíol - tá an taobh gnó tábhachtach domsa mar táim ag iarraidh ár slí bheatha a dhéanamh - ach tá siadsan ar nós cuma liom faoi.

Is brea leo ceol, tá siad ag iarraidh seinnt. Tá sin tábhachtach mar ní bheadh mé in ann rátaí seisiúin a íoc - níl a fhios agam conas is feidir le daoine é a dhéanamh. ” Caitheann muid seal ag iarraidh an córas a réiteach, earnáil a shamhlú a d’íocfadh táille chothrom nuair is deacair cíos ionaid a íoc fiú. Ní thagann muid ar réiteach.

“Ach tá sé go breá,” arsa Lucy, “tá mo chairde agam! ” Léiriú eile ar an gcairdeas ná freagra an bhanna ar chéadéisteacht chéad amhrán an albaim: “is albam é seo, ní amhrán é”, agus “ar dtús, an bhfuil tú ceart go leor? ” Más láidir ceol an albaim is láidre an scríbhneoireacht leochaileach chruthaitheach chroíúil. Filltear ar mhóitífeanna mar a bheadh i suite rómánsach, a fhiosraíonn grá, cneasú croí, agus na fírinní éagsúla a chuimsíonn eispéireas saoil.

Labhraíonn Lucy lena lámha. Síntear amach iad, ag iarraidh téada éagsúla an albaim a shnoí le chéile.

“Bhí mé ag iarraidh smaoineamh an-chumhachtach a leagan síos. Ní thagann sé nádúrtha dom smaoineamh faoi aon fhírinne amháin, mar bím ag smaoineamh faoi gach duine eile. Bhí mé níos óige, agus gafa le gach rud a thuiscint. Tuigim anois gur feidir rudaí a thuiscint cé nach bhfuil tú in ann glacadh leo agus vice versa.

” In ainneoin leochaileacht an togra, fágann an sprioc mhisniúil nach dúshlán é a roinnt: “b’fhéidir go bhfuilim ait, ach mothaím ceart go leor faoi! Cruthaím ceol chun comhluadar a ofráil. Agus tú i spás deacair, ceapann tú nach dtuigeann éinne, agus tá sé sin aonaránach. Ach cloiseann tú amhrán agus tuigeann tú go raibh an taithí chéanna ag duine éigin eile, gur mhair daoine i gcónaí tríd, agus go tobann tá tú timpeallaithe ag daoine.

Mar sin de mothaím ceart go leor faoi. Ta súil agam go bhfuil mé ag cabhrú le daoine. ” Foclóir: Slua = crowd Tuiscint = understanding Léiritheoir = producer Téaduirlisí = stringed instruments Carraigeacha = rocks Clasaiceach = classical Seal = turn/period of time Timpeallaithe = surrounded

We have summarized this news so that you can read it quickly. If you are interested in the news, you can read the full text here. Read more:

IrishTimes /  🏆 3. in İE

 

Ireland Latest News, Ireland Headlines

Similar News: You can also read news stories similar to this one that we have collected from other news sources.

Jim Crawford: 'It's one-game-takes-all against England'Jim Crawford: 'It's one-game-takes-all against England'The Ireland U21s sealed a late 4-3 victory over Kazakhstan last night.
Read more »

Actress Aimee Richardson Replaced as Myrcella Baratheon in 'Game of Thrones'Actress Aimee Richardson Replaced as Myrcella Baratheon in 'Game of Thrones'The role of Myrcella Baratheon in 'Game of Thrones' has been recast, with English actress Nell Tiger Free taking over from Aimee Richardson. The character, last seen being sent to Dorne, will appear in the upcoming season's Dorne-based storyline.
Read more »

Martin ‘The Viper’ Foley’s court challenge to stop Cab selling his home adjournedMartin ‘The Viper’ Foley’s court challenge to stop Cab selling his home adjournedVeteran gangland criminal made an offer to Cab last month after securing €200,000 loan
Read more »

The Last Fanlight Horse: A Symbol of Dublin's PastThe Last Fanlight Horse: A Symbol of Dublin's PastA dive into the rich history and symbolism of the fanlight horse statuettes that once adorned Dublin homes, exploring their connections to royal history, religious conflict, and literary imagination.
Read more »