Thall is Abhus: Gaelathon, Tigh Standún ag ceiliúradh 80 bliain ar an bhfód, Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Beth Haughton
Cuir ort do bhróga reatha mar beidh rás iomaíoch 5k trí mheán na Gaeilge ag titim amach i gcroílár Bhaile Átha Cliath an 11 Deireadh Fómhair 2026.
Beidh fáilte roimh chách ar an lá, is cuma más reathaí trastíre thú nó más duine thú atá ag iarraidh atmaisféar an lae a shú isteach. Cuirfear fáilte roimh fhoghlaimeoirí Gaeilge chomh maith le daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu. Ag caint dó le Scéal an tseachtain seo, dúirt Micheál Ó Nualláin, Stiúrthóir BÁC le Gaeilge, gurb é “an phríomhaidhm atá ag Gaelathon a léiriú go mbíonn imeachtaí spraíúla ag tarlú go rialta trí mheán na Gaeilge.
Tuigeann muid mar Ghaeil go mbíonn daoine ag fiafraí i gcónaí ‘cén fáth nach bhfuil níos mó deiseanna ann an Ghaeilge a úsáid mar chuid den ghnáthshaol? ’ Bhuel, sin atá á dhéanamh againn.
“In áit imeacht úrnua a chruthú, bheartaigh muid imeacht a dhéanamh a bhfuil spéis ag daoine ann cheana féin, ach é a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá sé tábhachtach dúinn go bhfuil gach pointe teagmhála trí Ghaeilge agus nach bhfuil aon fhógraíocht trí Bhéarla ann.
“Chomh maith leis sin, tá gach gnólacht a bhfuil baint acu leis an imeacht seo mar chuid de Líonra Gnó BÁC le Gaeilge agus mar sin beidh gach rud déanta, deartha agus tógtha trí Ghaeilge anseo in Éirinn. ” €15 atá ar thicéad do Gaelathon agus gheobhaidh gach reathaí bonn speisialta ón ealaíontóir Nine Arrow chomh maith le sólaistí agus féiríní ag an líne chríche.
Cuirfear tús leis an rás ag 9.30am ach iarrtar ar dhaoine a bheith ann leathuair an chloig roimhe sin. Is féidir clárú do Gaelathon agTigh Standún ag ceiliúradh 80 bliain ar an fhód Sainchomhartha so-aitheanta Chonamara Theas is ea siopa Standún ar an Spidéal, agus beidh an gnó teaghlaigh ag ceiliúradh 80 bliain i mbun gnó an tseachtain seo le dhá imeacht ar leith do na daoine a chuir le scéal Standún i gcaitheamh na mblianta.
Osclaíodh doirse Standún ar an Spidéal sa bhliain 1946 agus d’fhreastail siad ar phobal Chonamara mar shiopa ilrannach sa tréimhse i ndiaidh an chogaidh. Sa lá atá inniu ann, tá dhá shiopa acu i nGaillimh chomh maith le siopa nua a osclaíodh i mBiorra, Contae Uíbh Fhailí, i mí na Samhna anuraidh.
Beidh cóisir mhór i Standún an Spidéil an Satharn beag seo, an 12 Meán Fómhair, áit a mbeidh preabshiopaí ó sheacht ndearthóir de chuid Chomhairle Dearthóirí na hÉireann agus lascaine 20% ar fáil ar earraí Standún, chomh maith le sólaistí, canapés agus comórtais. Ar a bharr sin, beidh imeacht speisialta buíochais don fhoireann ar siúl an 10 Meán Fómhair agus cuireann foireann Standún fáilte roimh iarfhostaithe teacht agus ceiliúradh a dhéanamh leo.
Más rud é gur oibrigh tú i dTigh Standún roimhe seo, fiú ar feadh tréimhse ghearr, déan teagmháil le Seán ag Is féidir le léitheoirí Scéal leas a bhaint as an chód GAEL chun lascaine 15% a fháil ar shuíomh Standún go dtí an 20 Meán Fómhair. Is róstóirí Éireannacha iad Imbibe a thugann ar ais dá bpobal ar go leor bealaí.
Cuireann siad caife den scoth ar fáil chomh maith le bheith ar cheann den bheagán róstlanna caife orgánaigh in Éirinn, ach is í an fhlaithiúlacht a dhéanann eiseamláir ar leith díobh. Tugann Imbibe 1% den láimhdeachas s’acu do Women’s Aid gach uile bhliain. Tugann siad 1% eile den láimhdeachas go díreach dá bhfoireann, sa bhreis ar a dtuarastal agus aon bhónas a fhaigheann siad i rith na bliana.
Téann 1% eile ar a bharr sin go ASOPEP sa Cholóim, áit a gceannaíonn siad a bpónairí caife. Tá sé tábhachtach do Imbibe a bheith in ann cuidiú leis na daoine a thugann deis dóibh caife ar ardchaighdeán a dhéanamh anseo in Éirinn. Cuidíonn Imbibe le heagraíochtaí agus le feachtais éagsúla ina bpobal féin fosta.
Tugann siad deontais gach bliain d’eagraíochtaí ar nós The Solas Project, The Dublin Inquirer agus ionad aclaíochta Capital Strength atá béal dorais le róstlann Imbibe i mBaile Átha Cliath 8. Ní hamháin sin ach cuireann siad caife saor in aisce ar fáil d’ospidéil in aice láimhe – Ospidéal San Séamas agus Sláinte Leanaí Éireann i gCromghlinn ina measc. Is í Beth Haughton ceann feadhna an bhranda álainn Love Beth.
Dearann agus déanann sí píosaí seodra galánta tarraingteacha agus baineann sí úsáid as dathanna geala spraíúla a chuirfeadh le feisteas ar bith, go háirithe an t-am seo bliana. Is breá liom féin go meascann sí dathanna atá i gcodarsnacht le chéile le píosaí ar leith a dhéanamh agus go mbíonn an seodra iontach feiceálach agus cuidsúlach dá bharr.
Má tá tú ag iarraidh maise a chur ar d’fheistis an fómhar seo, níl ort ach muince nó bráisléad deas ó Love Beth a cheannach! Gardaí investigating possibility that teenager deliberately knocked off e-bike in Co ClareNew rules for Irish citizenship: How will they work? Rise in child poverty; Ireland’s most prosperous town; and the Irish unity debate
Ireland Latest News, Ireland Headlines
Similar News: You can also read news stories similar to this one that we have collected from other news sources.
Togra pobail ‘Ceiliúradh Coffee’ ag dul ó neart go neart i nGaillimhThall is Abhus: Ceiliúradh Coffee; Comórtas Liteartha an Oireachtais; seodra Megan Forte Clarke & Lynott; agus Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – McGrath
Read more »
Sarah Lorraine: dearthóir faisin Gaeltachta ag dul ó neart go neartThall is Abhus: an dearthóir Sarah Gallagher; Bróga úra Storefront; an t-imeacht pobail ‘is glioscarnaí’ i saol na Gaeilge agus Spotsolas ar Ealaíontóirí Éireannacha – Le Boom
Read more »
Eispéireas campa samhraidh do dhéagóirí na GaeltachtaThall is Abhus: cúrsaí samhraidh Gaeltachta; leabhair le léamh cois linne; staonadh ón fheoil agus Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – SexyTadhg
Read more »
Ag ceiliúradh Bhród na Gaeltachta an deireadh seachtaine seoThall is Abhus: Bród na Gaeltachta; Tedfest as Gaeilge; seodra ón seanam agus Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Sorcha O’Raghallaigh
Read more »
Rámhaíocht trí Ghaeilge le Craobh na CoilleThall is Abhus: Rámhaíocht trí Ghaeilge; Comhrá Liteartha i gCroílár Chorca Dhuibhne; Uachtar reoite Uí Mhurchú agus Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach - CUSHLA
Read more »
Slam Filíochta Liú Lúnasa 10 mbliana ar an fhódThall is Abhus: Slam filíochta; Gaelmaxxing; Piaras Ó Lorcáin i gConamara agus Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Siobhán O’Reilly.
Read more »
