‘Meán Fómhair na hAthláimhe’ faoi lán seoil ag Oxfam Éireann

Ireland News News

‘Meán Fómhair na hAthláimhe’ faoi lán seoil ag Oxfam Éireann
Ireland Latest News, Ireland Headlines

Meascra Scéalta: Feachtas Oxfam Éireann; Scéim na bPrintíseach oscailte agus Cúla4 sa tóir ar aghaidh úr.

Meascra Scéalta: Feachtas Oxfam Éireann; Scéim na bPrintíseach oscailte agus Cúla4 sa tóir ar aghaidh úr. Cuirfear tús le feachtas de chuid Oxfam Éireann inniu ina bhfuil sé mar aidhm aige dúshlán a thabhairt do dhaoine éadaí athláimhe a roghnú in ionad éadaí nua a cheannach.

Grianghraf: iStock/GettyTá tús á chur le #SecondHandSeptember inniu, feachtas de chuid Oxfam Éireann a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a spreagadh éadaí athláimhe a roghnú in ionad éadaí nua a cheannach i rith mhí Mheán Fómhair. Má ghlactar leis an dúshlán, is féidir dramhaíl teicstílí a laghdú, fad a chur le saolré ár gcuid éadaí, agus tacú le hobair Oxfam in aghaidh na bochtaineachta agus na héagothroime ar fud an domhain.

I mbliana, díríonn an feachtas ar na héadaí a chuirtear ar aghaidh ó ghlúin go glúin. De réir tuarascáil de chuid NATEX , úsáideann gach duine in Éirinn thart ar 53kg d’éadaí agus de theicstílí nua gach bliain – ceann de na rátaí tomhaltais is airde san Aontas Eorpach.

Meastar go bhfuil go leor éadaí ar domhan cheana féin do na chéad sé ghlúin eile, agus mar sin, tá sé in am díriú ar a bhfuil sa vardrús againn cheana agus saol nua a thabhairt do na píosaí éadaigh nach gcaitheann muid a thuilleadh. Dúirt Emma Doran, ambasadóir Mheán Fómhair na hAthláimhe 2026 de chuid Oxfam Éireann, go raibh sé “de nós againn i gcónaí sa teaghlach éadaí a thabhairt ar aghaidh ó dhuine go duine.

Thug mé mo bhuachaillí féin chuig siopaí athláimhe i gcónaí mar shíl mé gur bealach iontach a bhí ann luach an airgid a mhúineadh dóibh, agus a thaispeáint dóibh gur féidir saol nua a thabhairt d’éadaí”.

“Tá na híomhánna feicthe againn ar fad de láithreáin líonta talún atá lán d’éadaí. Is furasta smaoineamh gur ar na corparáidí móra amháin atá an fhreagracht, ach is féidir linn féin athruithe beaga a dhéanamh freisin, agus is minic a bhíonn siad níos fearr dúinne chomh maith. Is bealach spraíúil agus éasca é Meán Fómhair na hAthláimhe chun breathnú ar na nósanna siopadóireachta atá againn féin.

”Is í an fuirseoir, láithreoir agus léiritheoir teilifíse Bláithín de Búrca atá mar ambasadóir Gaeilge an fheachtais i mbliana, agus í ag spreagadh daoine ar fud na tíre páirt a ghlacadh i Meán Fómhair na hAthláimhe trí mheán na Gaeilge. Dúirt sí go bhfuil sí “thar a bheith buíoch as go leor nithe a fuair mé ó mo shinsir - mo theanga, mo chultúr, agus ar ndóigh neart píosaí iontacha i mo vardrús.

Is rud suntasach le tabhairt faoi deara é go bhfuil muid, mar Éireannaigh agus mar Ghaeil, nasctha leis an chaomhnú, an fhrithsheasmhacht, an réabhlóid! Agus is é sin atá i gceist leis an fheachtas seo - is troid é don domhan, don nádúr agus don stíl ar ndóigh. ” Chun an siopa Oxfam is cóngaraí duitse a aimsiú, nó chun tuilleadh eolais a fháil faoi Mheán Fómhair na hAthláimhe , tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Oxfam Éireann.

Os cionn 40 scoláireacht printíseachta ar fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad atá ar fáil ón eagraíocht Údarás na Gaeltachta anois chun tacú le hiarrthóirí Gaeltachta a bhfuil Gaeilge líofa acu cáilíocht a bhaint amach. I measc na bprintíseachtaí atá ar fáil tá siúinéireacht, pluiméireacht, meicníocht agus gruagaireacht, chomh maith le teicneoir saotharlainne, cleachtóir árachais, ceantálaíocht agus seirbhísí réadmhaoine. Tá 15 earnáil éagsúla ag teacht faoin scéim seo agus os cionn 70 printíseacht ag baint leo sin.

Tá babhta an tsamhraidh 2026, atá oscailte anois go dtí 18 Meán Fómhair 2026, dírithe ar dhaoine a bhfuil an scoil fágtha acu cheana féin. D’fhéadfadh an scéim a bheith oiriúnach do dhaoine atá ag iarraidh ceird a fhoghlaim, slí bheatha nua a thosú nó athrú gairme a dhéanamh. Dúirt Aisling Nic Aoidh, Oifigeach Oiliúna agus Oideachais le hÚdarás na Gaeltachta, go bhfuil “ganntanas ceardaithe ann faoi láthair, agus is léir go bhfuil éileamh mór ar na scileanna seo.

Táimid ag cur tacaíocht ar fáil trí Scéim na bPrintíseach chun an próiseas a éascú do dhaoine sa Ghaeltacht cáilíocht a bhaint amach i gceirdeanna éagsúla. Cinnteoidh sé, ní hamháin go mbeidh gairm bheatha ag an té a thugann faoin cháilíocht, ach go mbeifear ag cur le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht freisin. ” Tá tuilleadh eolais faoin scéim agus an fhoirm léirithe spéise ar fáil ar shuíomh gréasáin Údarás na Gaeltachta. An duine fuinniúil, cruthaitheach agus cumasach thú?

Ar mhaith leat a bheith ag obair mar ghlór agus mar aghaidh nua Cúla4? Tá TG4 sa tóir ar láithreoir nua le bheith mar Ambasadóir Branda do phríomhchainéal teilifíse na Gaeilge do dhaoine óga timpeall an domhain.

Beidh ar an té a cheapfar ábhar agus leanúnachas an chainéil a chur i láthair ar an teilifís, ar líne agus ar na meáin shóisialta, caidreamh a chothú leis an lucht féachana óg agus ionadaíocht a dhéanamh ar Cúla4 ag ócáidí pobail agus poiblí. Ní mór don láithreoir nua teacht i láthair nádúrtha, Gaeilge den scoth agus ardscileanna cumarsáide a bheith aige nó aici chomh maith le tuiscint mhaith ar shaol na ndaoine óga, ar na meáin shóisialta agus ar ardáin dhigiteacha.

Is i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann, Contae na Gaillimhe a bheidh an post seo lonnaithe agus beidh taisteal in Éirinn agus thar lear i gceist anois agus arís mar chuid den ról. Má tá suim agat féin cur isteach ar an phost seo, ba cheart CV, litir iarratais agus físeán “ina dtugtar léargas ar do chumas láithreoireachta” a sheoladh chuigA Wicklow woman in Marbella: ‘I would make friends in the summer and they would then go home.

But I found my tribe’Farmer Phil: ‘The story goes that a tree in our field was planted by Cromwell’s grandchildren 350, 400 years ago’Jury convicts a man of murder over 1996 killing of rap star Tupac Shakur

We have summarized this news so that you can read it quickly. If you are interested in the news, you can read the full text here. Read more:

IrishTimes /  🏆 3. in İE

 

Ireland Latest News, Ireland Headlines

Similar News: You can also read news stories similar to this one that we have collected from other news sources.

Mostly Dry Monday Before Conditions Turn More Autumn-Like Later in the WeekMostly Dry Monday Before Conditions Turn More Autumn-Like Later in the WeekMet Éireann forecasts a mostly dry Monday with sunny spells and temperatures up to 19 degrees, but conditions are set to turn increasingly unsettled through the week with rain, drizzle and breezy winds developing.
Read more »

Met Éireann honours two pioneering Evelyns in new storm names list for 2026/2027Met Éireann honours two pioneering Evelyns in new storm names list for 2026/2027Two Irish women named Evelyn who broke barriers in meteorology are among 21 names selected for the upcoming storm season, which begins this week and runs for a full calendar year.
Read more »

Tuesday morning will be mainly dry – but worse weather is to come laterTuesday morning will be mainly dry – but worse weather is to come laterMet Éireann forecasts showers and persistent rain for first days of September before an ‘unsettled’ weekend
Read more »