Tar éis beagnach leathcéad bliain ag cur a mbeatha i mbaol ar mhaithe leis an tsíocháin, beidh saighdiúirí Óglaigh na hÉireann ag fágáil na Liobaine. Is é an brú idirnáisiúnta, go mór mhór ó na Stáit Aontaithe agus Iosrael, a chuir an misean síochána deireadh. Is iontach an éacht a dhein na saighdiúirí Éireannacha le linn an ama sin, ach is léir gurb í an fhíorbharthrú atá ag tarlú anois idir na náisiún a chuir an misean deireadh.
Ag deireadh na bliana tiocfaidh saighdiúirí de chuid Óglaigh na hÉireann ar ais chun na tíre seo ón Liobáin, áit a raibh siad ar thuras dualgais le Fórsaí Síochána na Náisiún Aontaithe.
Faraor, is é an misean deireanach é tar éis beagnach leathchéad bliain ag saighdiúirí na hÉireann ag cur a mbeatha i mbaol ar mhaithe leis an tsíocháin. Le linn an ama sin bhíodh fórsaí cosanta na tíre seo ag obair as lámha a chéile leis an bpobal áitiúil i ndeisceart na Liobáine.
Ach le brú ó na Stáit Aontaithe agus Donald Trump a chuir a gcosa i dtaca - agus táim cinnte de go raibh tionchar ag Iosrael ar sheasamh Trump - ní bheidh aon mhisean nua ag tosú san athbhliain. Chuaigh saighdiúirí na hÉireann go dtí an Liobáin den chéad uair in 1978, mar chuid de mhisean Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin . Ní haon ionadh gurb é an misean is faide é i stair na nÓglach.
Chaith na mílte saighdiúirí Éireannacha turas thar lear ag caitheamh na gcaipíní gorma de chuid na Náisiún Aontaithe. …dá mbainfí an glas triarach, bheadh brú trom ar an rialtas a bheith fíorchruinn faoi stádas na hÉireann san Eoraip agus go hidirnáisiúnta. Ní raibh an tseirbhís sin gan íobairt, áfach. Maraíodh 47 saighdiúir Éireannacha san iomlán faoi sheirbhís mhíleata UNIFIL i gcaitheamh na mblianta.
Is é an chúis atá leis sin ná go bhfuil Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe sáinnithe le cúig bliana déag anuas. Tá triúr den chúigear ball buan in adharca a chéile go leanúnach. Is é an misean MINUSCA i bPoblacht na hAfraice Láir, a thosaigh in 2014, an misean deireanach ar thug na cúig mhórchumhacht a mbeannacht dó.
Bhí na ceisteanna seo i measc na mórghnéithe a bhí faoi chaibidil ag airí cosanta na hEorpa agus iad ag cruinniú i gCo. Chill Mhantáin an tseachtain seo caite, a eagraíodh mar pháirt d’Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach. Dúirt an tAire Cosanta, Helen McEntee, gur ábhar díomá don tír é deireadh mhisin na Náisiún Aontaithe sa Liobáin.
Ach dúirt sí go raibh Éire, in éineacht leis an Spáinn agus an Ostair, ag iarraidh moladh a chur le chéile i dtaca le misin nua de chuid an Aontais sa Liobáin. Ach an féidir é a dhéanamh gan an glas triarach a shárú? Is é réiteach an rialtais ná na Náisiúin Aontaithe a sheachaint. Chun é sin a dhéanamh, beidh orthu, go bunúsach, an glas triarach atá i bhfeidhm ó 2001 a bhaint ó reachtaíocht na tíre seo.
Faoin nglas triarach, ar ndóigh, ní mór do gach misean Éireannach thar lear — ina bhfuil níos mó ná dháréag ball d’Óglaigh na hÉireann páirteach — sainordú a fháil ó na Náisiúin Aontaithe, agus caithfidh an rialtas agus an tOireachtas araon é a cheadú. Tá an Rialtas ag iarraidh fáil réidh leis an gcead ó na Náisiúin Aontaithe. Mar sin, is faoin Oireachtas agus faoin rialtas a bheadh an cinneadh.
Chuirfeadh sé seo ar chumas na hÉireann páirt a ghlacadh i misin thar lear, amhail an ceann a bhfuil an rialtas ag caint faoi in éineacht leis an Spáinn agus leis an Ostair. Mar sin féin, deir lucht cosanta an ghlais thriaraigh go mbeadh Éire ag glacadh céim eile ar shiúl ón neodracht dá mbainfí é agus ag druidim céim níos gaire i dtreo rannpháirtíocht in arm Eorpach, nó NATO fiú.
Déarfaidh a lucht cosanta gur féidir dul trí Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. Agus pacáiste a chur le chéile a chuirfeadh ar chumas an Chomhthionóil Ghinearálta é a rith: bheadh sé sin an-deacair go deo agus d’fhéadfadh an Chomhairle Slándála bac éigin a chur air ag an deireadh thiar thall. Níl an modh sin praiticiúil. Caithfear macántacht agus ionracas a léiriú maidir leis seo.
Agus chomh maith, ionracas ón rialtas maidir le cosaintí cearta a chur i bhfeidhm chun neodracht mhíleata na hÉireann a chaomhnú. Ar bhealach, d’fhéadfaí argóint an ghlais thriaraigh a scaradh ón argóint faoin neodracht. Deir polaiteoirí, agus an rialtas féin go minic, gur tír neodrach í Éire: is é sin neodrach i dtéarmaí míleata ach ní ó thaobh na polaitíochta de. An deacracht leis sin ná go bhfuil sé doiléir.
Níl aon sainmhíniú críochnúil cuimsitheach againn ar ‘neodracht’ don saol atá anois ann. Mar sin, sílim, dá mbainfí an glas triarach, go mbeadh brú trom ar an rialtas a bheith fíorchruinn faoi stádas na hÉireann san Eoraip agus go hidirnáisiúnta. Bheadh ar an Rialtas sonraí grinne a thabhairt maidir leis an méid a d’fhéadfadh trúpaí na hÉireann a dhéanamh, agus an méid nach bhféadfaidís a dhéanamh, agus iad imscartha thar lear.
Tá an cheist seo anois ina líne dheighilte cheart idir an rialtas agus an freasúra. Agus is mór an trua é sin, mar ó mhí Eanáir ar aghaidh, tosóimid ag cailleadh leathchéad bliain de stair bhródúil na hÉireann i réimse na síochánaíochta. Tá gach cosúlacht ar an scéal nach réiteofar an deighilt pholaitiúil faoin gceist ríthábhachtach seo go ceann scaitheamh maith eile.
Gardaí investigating possibility that teenager deliberately knocked off e-bike in Co ClareJon Rahm among early Irish Open arrivals forced to take cover from wild Atlantic welcomeLATEST STORIESThieves rob four paintings from Renoir museum in France, dropping one as they fleeDriver nine times over drug limit caused other cars to take evasive action, court hears
Saighdiúirí Na Héireann An Liobáin UNIFIL Na Náisiún Aontaithe Brú Idirnáisiúnta Misean Síochána
