Protests at Stormont as artists and arts organizations demand new funding policy

News News

Protests at Stormont as artists and arts organizations demand new funding policy
Arts Funding, Stormont Protest, Northern Ireland

Artists and arts organizations held a protest at Stormont, demanding that the Department of Communities release a much-delayed arts funding policy. The demonstrators expressed concern over the lack of support for the arts sector in Northern Ireland, stating that the current funding levels are insufficient and have led to a crisis where many artists are forced to leave the region.

Baill den cheardchumann Equity agus iad ag léirsiú ar son na n-ealaíon ag Cnoc an Anfa, Béal Feirste, le déanaí. Grianghraf: Liam McBurney/PA WireTá cáineadh déanta ar an Aire Pobal ó thuaidh, Gordon Lyons, mar gheall ar an mhoill atá ar an Roinn Pobal beartas a fhorbairt do na healaíona agus mar gheall ar an easpa infheistíochta san earnáil.

D’eagraigh ceardchumann na n-ealaíon, Equity, agóid ar Chnoc an Anfa Dé Máirt seo caite chun a míshástacht a léiriú faoin mhoill atá ar an Aire an beartas a fhoilsiú. Deir ionadaithe ó earnáil na n-ealaíon nach bhfuil an tacaíocht chuí á cur ar fáil d’ealaíontóirí i dTuaisceart Éireann faoi láthair agus go bhfuil ‘géarchéim’ ann maidir le maoiniú na n-ealaíon. Anuraidh, thug an tAire gealltanas go bhfoilseofaí beartas do na healaíona, rud nár tharla go dtí seo.

Tháinig an gheallúint seo i ndiaidh don Aire diúltú síniú a thabhairt do phlean deich mbliana a bhí forbartha ag an Chomhairle Ealaíon don tréimhse 2024-2034. Mar chuid den agóid, thug ionadaithe ó Equity litir mhímhuiníne don Aire. Sa litir, míníodh go mothaíonn siad go bhfuil earnáil na n-ealaíon fágtha ar an ghannchuid agus go bhfuil deiseanna, poist agus rochtain ar na healaíona caillte mar gheall ar éiginnteacht airgeadais.

Ceanglas reachtúil i dtaobh straitéis Ghaeilge á shárú ag Cnoc an Anfa Deirtear inti go bhfuil “teip leanúnach ann ceannasaíocht, treoir straitéiseach agus infheistíocht inmharthana a chur ar fáil atá de dhíth chun earnáil ealaíon agus chultúrtha Thuaisceart Éireann a chosaint agus a fhorbairt. ” Fágann an easpa infheistíochta seo go mothaíonn an-chuid ealaíontóirí…nach bhfuil an dara rogha acu ach an áit a fhágáil… Dúirt an tAire Lyons go bhfuil comhthéacs airgeadais dúshlánach roimh an Fheidhmeannas i láthair na huaire.

Deir sé go bhfuil “dul chun cinn maith” ag tarlú laistigh dá Roinn maidir le beartas do na healaíona a fhorbairt. Dar le Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, déantar infheistíocht £5.07 in aghaidh an duine sna healaíona sa tuaisceart, méid atá i bhfad níos ísle ná an £10.51 in aghaidh an duine a infheistítear sa Bhreatain Bheag.

Tá an infheistíocht a dhéantar i bPoblacht na hÉireann i bhfad níos airde arís, le figiúr áit éigin idir £21.58 agus £25.90 in aghaidh an duine. Deir an lucht agóide go bhfuil bearna ollmhór idir na leibhéil mhaoinithe atá molta ag saineolaithe is ag an Chomhairle Ealaíon agus an méid atá curtha ar fáil ag an Roinn Pobal.

Fágann an easpa infheistíochta seo go mothaíonn an-chuid ealaíontóirí agus daoine atá ag obair sna hearnálacha cruthaitheacha, go háirithe iad siúd atá ag tosú amach ar a ngairmeacha, nach bhfuil an dara rogha acu ach an áit a fhágáil chun obair a aimsiú in áiteanna ina bhfuil deiseanna níos fearr le fáil. Dúirt Alice Adams Lemon, Oifigeach le hEquity Thuaisceart Éireann, nach gcreideann an ceardchumann gur féidir le Gordon Lyons “beartas inmharthana do na healaíona” a chur ar fáil.

Deir sí gurb ionann an buiséad do na healaíona agus thart fá 1% den bhuiséad iomlán atá ag an Roinn Pobal. Tháinig an tAire amach chun bualadh leis an lucht agóide agus labhairt leo faoi na hábhair a bhí sa litir. Luaigh sé go bhfuil sé i ndiaidh ardú a thabhairt don Chomhairle Ealaíon ó bhí sé sa ról agus go bhfuil an polasaí fós á fhorbairt ag a Roinn.

Ach dúradh leis go bhfuil scéal níos diúltaí ná sin ann, agus nuair a chuirtear boilsciú san áireamh tá ciorrú 40% déanta ar an Chomhairle Ealaíon le deich mbliana anuas, rud atá ag imirt tionchar ollmhór ar ealaíontóirí, ar ionaid agus ar phobail. Níl Scéim Ioncaim Bhunúsaigh i bhfeidhm sa tuaisceart mar atá sa deisceart.

Léirigh an scéim phíolótach a reáchtáladh idir 2022 agus 2026 an fiúntas a bhí lena leithéid de chur chuige agus gur chuidigh an infheistíocht leis na healaíontóirí a bhí ar an scéim tabhairt faoi obair nach mbeadh indéanta gan an tacaíocht sin. Léiríodh chomh maith go raibh sochar sóisialta agus eacnamaíoch le feiceáil mar gheall ar an scéim, agus tá an dara timthriall anois i bhfeidhm. Níl an chinnteacht ná an fhéidearthacht chéanna ann d’ealaíontóirí sa tuaisceart.

An mhí seo caite bhí ceiliúradh agus moladh forleathan ann faoin bhua ollmhór a bhí i bhFleadh Cheoil na hÉireann agus plé ag tarlú ar na féidearthachtaí iontacha a chruthaigh an fhéile do na healaíona agus d’imeachtaí cultúrtha amach anseo. Is cúis díomá do lucht na hagóide, mar sin, go raibh orthu tabhairt faoi agóid mar seo chun aird a tharraingt ar an ghéarchéim atá san earnáil i láthair na huaire. Ní hé Gordon Lyons a chruthaigh an fhadhb seo.

Cosúil le go leor de na deacrachtaí atá roimh an Fheidhmeannas i láthair na huaire, téann fréamhacha na bhfadhbanna siar blianta fada mar gheall ar easpa straitéise agus easpa infheistíochta fadtéarmaí. Ach is eisean an t-aon duine ar féidir leis tabhairt faoi na dúshláin seo anois agus cluas éisteachta oscailte a thabhairt do na healaíontóirí.

Ag an Fhleadh Cheoil, agus ag go leor ócáidí cultúrtha eile, bíonn an Feidhmeannas agus polaiteoirí sásta ardmholadh a thabhairt do na healaíontóirí a bhíonn páirteach iontu, ach ní féidir glacadh leis gur féidir leo a bheith beo ar bhéalghrá amháin. Seven gardaí dismissed from their posts so far this yearCulture Night 2026: 12 events to catch off the beaten track

We have summarized this news so that you can read it quickly. If you are interested in the news, you can read the full text here. Read more:

IrishTimes /  🏆 3. in İE

Arts Funding Stormont Protest Northern Ireland Equity Gordon Lyons

 

Ireland Latest News, Ireland Headlines

Similar News: You can also read news stories similar to this one that we have collected from other news sources.

Dublin 7 Residents Submit 400+ Requests to End Bin Bag MandateDublin 7 Residents Submit 400+ Requests to End Bin Bag MandateDublin City Council received over 400 submissions from residents of Dublin 7 demanding the removal of mandatory bin bags amid ongoing waste-management disputes. The city plans to shift focus to the southside early next year, following years of resistance to paid bin collection and public protests that disrupted waste services.
Read more »

Donald Trump's EU Visit: State Ceremonies, Golf and Protests in IrelandDonald Trump's EU Visit: State Ceremonies, Golf and Protests in IrelandFormer US president Donald Trump holds official talks with Irish leaders in Dublin before presenting a trophy to Irish golfer Shane Lowry at the Amgen Irish Open, amid public demonstrations.
Read more »

Irish unity rather than protests the focus of US coverage of Trump visitIrish unity rather than protests the focus of US coverage of Trump visitUnsurprisingly, there was huge interest stateside in the 47th US president’s brief visit to Ireland
Read more »

Where were the tractors during Trump visit?Where were the tractors during Trump visit?The man mostly responsible for high fuel prices was spared the protests that blocked our roads in April
Read more »