Luaigh rannpháirtithe cásanna ina mbíonn gá ar leith ag othair le seirbhísí cúram sláinte i nGaeilge.
Mhol na dochtúirí óga a ghlac páirt sa taighde go bhféadfadh deis a bheith ann feabhas a chur ar chúrsaí ach Gaeilge a úsáid le páistí i gcomhthéacs seirbhísí leighis. Grianghraf: iStock
San iomlán, cé go raibh forluí ag cuid acu ar a chéile, tháinig ceithre mhórthéama chun cinn – ceannasaíocht an Bhéarla i láithreáin leighis; deacrachtaí maidir le cainteoirí Gaeilge a aithint; comhthéacsanna ina bhfuil riachtanais ar leith ag othair a bhaineann le cóir leighis agus sláinte a bheith ar fáil dóibh trí Ghaeilge; agus ar deireadh, oideachas leighis trí Ghaeilge.
D’fhéadfaí a thaispeáint dóibh gur rud indéanta é “do shaol a chaitheamh as Gaeilge,” mar a dúirt dochtúir amháin. Fadhb í seo, de réir dealraimh, nár tharla i gcomhthéacs ainmneacha agus sloinnte de bhunús iasachta. Bhí ar a laghad córas ríomhaireachta amháin in úsáid nár thug Gaeilge mar rogha, cé go raibh an iliomad teangacha eile ar fáil ar an gcóras céanna.
Tugadh le fios mar sin go mbeadh gá le bealaí sofheicthe chun é a chur in iúl go bhfuil Gaeilge ag dochtúir. Mhol duine amháin córas atá in úsáid sa Bhreatain Bheag – sé sin go gcaithfeadh dochtúir láinnéar a thugann a gcumas teanga le fios. Chuir dochtúir amháin béim ar an tábhacht atá le cumarsáid le daoine fásta atá faoi mhíchumas intleachta ionas gur féidir cabhrú leo cinntí a dhéanamh dóibh féin.
Ireland Latest News, Ireland Headlines
Similar News:You can also read news stories similar to this one that we have collected from other news sources.
‘Níl ann ach tús agus tá dualgas orainn go léir’Tá pobal na Gaeilge tinn tuirseach den mhéar fhada, de na leithscéalta agus den chur i gcéill, a deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.
Read more »
Ó Cuív: ‘Bíonn troid le déanamh i gcónaí’Tacaíocht ón rialtas ina iomláine agus ón Taoiseach go háirithe de dhíth leis na hacmhainní a chuirtear ar fáil don teanga a uasmhéadú.
Read more »
Ó Cuív: ‘Bíonn troid le déanamh i gcónaí’Tacaíocht ón rialtas ina iomláine agus ón Taoiseach go háirithe de dhíth leis na hacmhainní a chuirtear ar fáil don teanga a uasmhéadú.
Read more »
Radharc eile ar aimsir na hathbheochanaTháinig grianghraif leis an ngníomhaí teanga Peadar Ó Muireadhaigh a tógadh ag tús an chéid seo caite chun solais le deireanas
Read more »
‘Teanga neamhpharlaiminteach’Beidh deis ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais agus ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha a léiriú go bhfuiltear dáiríre faoi thodhchaí na teanga san AE.
Read more »
Iontas na gCrann: tiocfaidh an duilliúr agus ansin an bláthMórshaothar nua foilsithe i nGaeilge ina dtugtar mioneolas ar shaintréithe chrainn na tíre agus ar an seanchas a ghabhann leo.
Read more »