The article revisits the 1948 short story An Bóthar go dtí an Ghealchathair from the collection An Braon Broghach, describing how the poor Connemara woman Bríd drags her donkey on her back to the city in order to sell it and buy a red dress she saw in a shop window, only to encounter cold hostility and unfair prices, highlighting the story's enduring relevance to rural‑urban inequality.
Máirtín Ó Cadhain a scríobh an gearrscéal An Bóthar go dtí an Ghealchathair atá le fáil sa chnuasach An Braon Broghach. Grianghraf: Yale University PressLe linn an tsamhraidh bhí seans agam filleadh ar ghearrscéal a léigh mé na blianta fada ó shin agus mé ag freastal ar an ollscoil.
Ba é Máirtín Ó Cadhain a scríobh agus bhí sé mar chuid dá chnuasach, An Braon Broghach, a foilsíodh in 1948. Tá cumhacht faoi leith ag an scéal An Bóthar go dtí an Ghealchathair i gcónaí agus rith sé liom go raibh sé ábhartha go maith don lá atá inniu ann. Is í Bríd príomhphearsa an scéil. Is bean fhíorbhocht ó Ghaeltacht Chonamara í.
Tarlaíonn sé go ndeachaigh a hiníon ar cuairt chuig an Ghealchathair agus chonaic gúna dearg i bhfuinneog siopa a chuir faoi gheasa í. Impíonn an iníon ar Bhríd an gúna a cheannach di agus géilleann Bríd dá réir. Níl aon airgead ná acmhainn aici áfach. Socraíonn sí ar chliabh móna a iompar isteach go Gaillimh agus é a dhíol.
Dar leis an bplean, nuair a dhíolann sí é, beidh sí in ann an gúna a cheannach. Nuair a deirim iompar, níl cara ná rothar ná fiú asal i gceist. Chun an margadh a dhéanamh, bheadh uirthi an cliabh a iompar ar a droim féin agus taisteal go dtí an Ghealchathair de shiúl na gcos. Tá tú ag caint faoi aistear deich míle ar a laghad agus meáchan marfach ar a droim aici.
Níl aon taithí ag Bríd ar an gcathair. Fós féin, ní Tír na nÓg é Conamara ach oiread. Tá fadhbanna go leor ann ach ní fadhbanna bochtanais iad a thuilleadh. Tá an t-ainm mealltach agus is cinnte go bhfuil sí ag súil le háit a bheas an-difriúil óna ceantar féin atá bocht, iargúlta agus scoite amach.
Faraor, nuair a shroicheann sí an chathair, baintear stangadh aisti. Níl na daoine cairdiúil ach fuar ardnósach, agus caitheann siad anuas uirthi. Nuair a dhéanann sí iarracht an mhóin a dhíol, faigheann sí amach nach bhfuil na ceannaithe toilteanach praghas réasúnta a thairiscint. A mhalairt ar fad, pinginí suaracha ar a mhéad.
Ar deireadh thiar thall teipeann uirthi an mhóin a dhíol. Feiceann sí gúna álainn dearg sa siopa agus is í atá buailte go hiomlán i ndroim dubhach. Agus ní hé sin an chuid is measa ach oiread. Tá uirthi filleadh abhaile de shiúl na gcos agus ualach mór ar a droim, lámh amháin chomh fada leis an lámh eile.
Beidh uirthi a rá lena hiníon nár éirigh léi an gúna a cheannach. Tá an dorchadas tar éis titim faoin am a shroicheann sí an baile. Léiríonn sí crógacht áirid in ainneoin an chruatain, go raibh sí in ann teacht slán ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. B’in é an saol mar a bhí ina lán ceantair thuaithe in Éirinn níos lú ná céad bliain ó shin.
Ní raibh modh iompair ag daoine, ná uisce ná córas séarachais ná leictreachas. Bhí siad imithe ón scolaíocht faoin am ar chríochnaigh siad ar an mbunscoil. Bhí siad ag maireachtáil ar an gcaolchuid. Bhí mo mháthair féin ina dochtúir agus bhí sí lonnaithe sa Spidéal sna seascaidí - an ceantar céanna ina raibh scéal Uí Chadhain suite.
Dúirt sí liom go raibh uirthi dul chun cóir leighis a thabhairt do chailín óg a bhí an-tinn oíche amháin in áit an-iargúlta. An t-aon mhodh iompair chun teacht ar a teach ná dul ag iomramh trasna locha. Ní raibh carr ná fiú capall agus trucail ag an bpobal beag a bhí ina chónaí san áit. Chaitheas féin beagáinín ama i gConamara le linn an tsamhraidh.
Agus is mór an t-athrú atá tagtha ar an gceantar idir an dá linn. Tá an caighdeán maireachtála athraithe ó bhonn. Níl bochtanas le brath ann anois - ar an gcéad fhéachaint ar aon chaoi. Go deimhin, tá sé deacair naa sheachaint sa Ghaeltacht na laethanta seo!
Tá saibhreas na tíre i gcoitinne ag ardú ó na seascaidí ar aghaidh. Chabhraigh roinnt cinntí polaitiúla le háiteacha ar nós Chonamara: oideachas saor in aisce ar an gcéad dul síos; an polasaí nua tionsclaíoch a tosaíodh faoi anáil TK Whitaker agus Seán Lemass; Údarás na Gaeltachta ; Raidió na Gaeltachta; agus TG4 ina measc.
Bhí clár faisnéise iontach ar TG4 roinnt blianta ó shin a thug léargas den scoth ar an mbealach ar chabhraigh teicneolaíocht nua leis an mborradh seo. An teicneolaíocht a bhí i gceist ná an Honda 50 a bhí fairsing in Éirinn ó na 1960idí go dtí na 1990idí. Bhí na gluaisrothair bheaga seo inacmhainne don ghnáthdhaoine nach raibh an t-airgead acu carr a cheannach.
Fiche bliain tar éis na tréimhse nach raibh aon rogha ag Bríd ach siúl ó Chois Farraige go Gaillimh , bhí daoine in ann taisteal ón Spidéal go Gaillimh i 30 nóiméad gan aon stró. Fós féin, ní Tír na nÓg é Conamara ach oiread. Tá fadhbanna go leor ann ach ní fadhbanna bochtanais iad a thuilleadh. An bhfuil an saol níos fearr anois ná an saol a bhí ag Bríd?
Tá gan dabht. Ach ar ámharaí an tsaoil, ní féidir luí siar ar na maidí. Cinnte, tá an caighdeán maireachtála i bhfad níos airde anois ná mar a bhí. Ach is léir go bhfuil daoine fós ag streachailt.
Cuid den fháth ná go bhfuil na rialacha athraithe. Bíonn daoine níos uaillmhianaí maidir lena saol féin, agus saol a muintire. Bíonn siad ag súil le níos mó. Agus tá brú damanta ag baint leis sin.
I sochaí na hÉireann, mar shampla, cuirtear béim faoi leith ar do theach nó d’árasán féin a bheith agat, carr a bheith agat, agus rudaí ábharacha eile. Ach tá an saol agus an tsochaí i bhfad níos casta agus ilghnéithí ná mar a bhí. Tráth dá raibh bhí teach le fáil ar phraghas réasúnta i gcomparáid le do thuarastal. Ach ní hamhlaidh an scéal anois.
Tá an baol ann nach mbeidh an ghlúin óg i nGaeltachtaí na tíre in ann teach a thógáil, ná a cheannach, ina gceantair dhúchais féin. Tá ceithre rialtas tar éis dul i ngleic leis an ngéarchéim seo ó 2013 i leith, gan aon réiteach a fháil uirthi. Tá an rud céanna fíor faoi phraghas breosla faoi láthair. In ainneoin an ardaithe atá tagtha ar an gcaighdeán maireachtála, tá costaisí an tsaoil ag cur a lán daoine i bhfiacha.
A Wicklow woman in Marbella: ‘I would make friends in the summer and they would then go home. But I found my tribe’‘I’m officially retiring from my primary school - and I’ve had a good run’LATEST STORIESRussian drone and missile attack kills at least 12 in Kyiv region
Máirtín Ó Cadhain An Bóthar Go Dtí An Ghealchathair Irish Short Story Connemara Rural‑Urban Divide
Ireland Latest News, Ireland Headlines
Similar News: You can also read news stories similar to this one that we have collected from other news sources.
The Order (2024) Now Available for Free Streaming on RTÉ PlayerThe acclaimed 2024 crime thriller 'The Order' is now available to stream for free on RTÉ Player. Directed by Justin Kurzel, the film tells the true story of a young FBI agent's infiltration of a dangerous white supremacist group in 1980s Washington state.
Read more »
A long road to Ireland: ‘The Irish are very secretive. They don’t tell you stuff’Colleen Murrell says Australians franker than Irish people and leave everything out in the open
Read more »
Man Killed, Child and Wife Injured in Dungannon AttackA 61-year-old man was found dead and an 8-year-old girl seriously injured in a house on Lisnahull Road. The girl is now stable, while a 48-year-old woman, the victim's wife, was released from the hospital. A 21-year-old man faces murder charges for the attack.
Read more »
US supreme court allows Donald Trump to carry on building $400m White House ballroomProject is at the centre of the president’s ambition to remake the US capital in his image
Read more »
