Thug Charlie Flanagan tamall grinn dúinn nuair a mhol sé gur cheart na Dúchrónaigh a chomóradh mar chuid den chuimhne ar chogadh na saoirse
Fág an stair i leataobh go fóill, sa domhan mór nua liobrálach oscailte trédhearcach uileghabhálach inclúisibhiúil iomchuimsitheach seo, tá sé ag iarraidh orainn ionad onóra faoi leith a thabhairt d’eagraíocht a chuireann cosc ar Chaitlicigh a bheith ina mbaill di.
Go fiú na Caitlicigh sin a chíonn an solas agus a iompaíonn ar theagasc Liútair agus Chalvín is le mórdhua agus go fíoreisceachtúil a scaoiltear isteach iad tar éis móramh de 75 faoin gcéad de vóta ar a son. Agus mar bharr ar an maitheas, an té a phósann Pápaire, tá sé siúd lasmuigh den doras agus é daingnithe ina choinne gan cead aige an tsais a chaitheamh ná an druma mór a bhualadh feasta.
Tá áthas orm go bhfuil Patrick Costello tiomanta ar chur le cothromaíocht inscne ar an gcuma éagsúil seo, gan trácht ar chaoinfhulaingt chreidimh agus ar chomhthuiscint reiligiúin. Fág éirí amach 1798 as an áireamh, ar éigean gur ardaíodh píce a raibh beann air ar feadh 200 bliain ó aimsir a rí Bilí go dtí Cogadh na Saoirse, an-mhíleata go deo! Maidir le ‘náisiúnach’, sin é a dhéanann náisiúin, seasamh dóibh féin, agus mo thuairim féin agus cúpla céad milliún corpán gur mó is inmholta é sin seachas a bheith impiriúlach.