UK Prime Minister Andy Burnham visits Belfast amid Stormont budget deadlock

Politics News

UK Prime Minister Andy Burnham visits Belfast amid Stormont budget deadlock
Andy Burnham, Chris Bryant, Northern Ireland

British Prime Minister Andy Burnham visited Northern Ireland last week, his first trip to Ireland since taking office, following a visit by Northern Ireland Secretary Chris Bryant. Both are addressing unresolved issues with Stormont politicians five weeks into their roles. Despite positive remarks, Burnhams listening tour revealed differing priorities among parties. The Secretary of States primary focus is the Stormont budget, still unagreed after five months of the financial year, with a draft budget from January unapproved and a £1 shortfall identified.

In ainneoin na dearfachta, ní gan achrann a bhí cuairt phríomh-aire nua na Breataine ar Bhéal Feirste le déanaí Tháinig Burnham ar cuairt go dtí an tuaisceart mar chuid de ‘chamchuairt éisteachta’ atá ar siúl aige sna réigiúin déabhlóidithe.

Grianghraf: Cathal McNaughton/Getty ImagesThug príomh-aire na Breataine Andy Burnham cuairt ar Thuaisceart Éireann an tseachtain seo caite, an chéad uair dó a bheith in Éirinn ó ceapadh é sa ról mór. Rinne an Státrúnaí nua don Tuaisceart, Chris Bryant, amhlaidh roinnt laethanta roimhe. Agus iad sna róil seo le cúig seachtaine anuas, tá Burnham agus Bryant beirt ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna atá le réiteach le polaiteoirí Chnoc an Anfa.

Cé gur labhair an dís acu go dearfach le linn a gcuairteanna, níl aon amhras ach go bhfuil dúshláin mhóra ag carnadh rompu. Labhair Bryant le linn a chuairte faoi na féidearthachtaí eacnamaíochta a eascraíonn ó Chreatlach Windsor, ar an dul chun cinn eacnamaíochta atá bainte amach le roinnt blianta anuas, agus ar na samplaí iontacha den chomhoibriú atá feicthe le tamall anuas, ar nós an ratha a bhí ar Fhleadh Cheoil na hÉireann a reáchtáladh i mBéal Feirste i mí Lúnasa.

Cúpla lá i ndiaidh chuairt Bryant, tháinig Burnham anseo mar chuid de ‘chamchuairt éisteachta’ atá ar siúl aige sna réigiúin déabhlóidithe. Bhuail sé le ceannasaithe na bpáirtithe ar fad agus, cé go raibh iarrachtaí á ndéanamh aige cuma dhearfach a choinníoll ar na cruinnithe, tá sé ríshoiléir go bhfuil tosaíochtaí éagsúla ag na páirtithe ar fad ag an phointe seo.

Ní nach ionadh nár aontaigh ceannasaithe na bpáirtithe náisiúnacha leis an seasamh seo agus gur tugadh freagraí láidre air dá réir. Go nádúrtha, ba í príomhthosaíocht an Státrúnaí ná buiséad Chnoc an Anfa atá fós le haontú, cé go bhfuil cúig mhí den bhliain airgeadais curtha i gcrích cheanna féin.

Níor aontaíodh an dréacht-bhuiséad a cuireadh os comhair an Fheidhmeannais i mí Eanáir na bliana seo, agus tá gannchion £1.6 billiún le líonadh ag na Rannóga Feidhmeannais dar le foras fáire airgeadais. Tá siar is aniar ann ó shin idir Cnoc an Anfa agus Westminster, le polaiteoirí an Fheidhmeannais ag maíomh nach bhfuil a dhóthain airgid ar fáil chun seirbhísí poiblí a mhaoiniú i gceart, ach Rialtas na Breataine docht daingin go bhfuil sé in am don Fheidhmeannas cur chuige nua a ghlacadh maidir le sábháiltí a dhéanamh agus ioncam a ghiniúint.

Tá an éiginnteacht seo ag cothú go leor aighnis idir na páirtithe móra, agus gan aon chuma ar an scéal go réiteofar an cheist am ar bith go luath, go háirithe mura mbíonn Westminster toilteanach cuidiú a sholáthar dóibh. Ceist eile a tháinig aníos an tseachtain seo caite ná cinneadh na hArdchúirte maidir le Coimisiún na Mórshiúlta agus na cinntithe a rinne an Coimisiúin i dtaca le hiarratas an Oird Oráistigh mórshiúl áirithe a eagrú i nDroim Crí.

Tá scéal fada brónach taobh thiar de chonspóid na paráide seo agus is léir ó na ráitis láidre atá déanta ag ceannasaithe aontachtacha go bhfuil sé ar intinn acu an cheist a oscailt in athuair, cibé rud a chiallaíonn sé sin do chaidreamh pobail sa cheantar. Seo cuid de na dúshláin atá ag teacht aníos le linn na hama i bpolaitíocht an Tuaiscirt, agus in ainneoin na n-iarrachtaí a rinne idir Burnham agus Bryant labhairt faoin dul chun cinn dearfach atá ag tarlú, ní féidir a shéanadh go bhfuil an caidreamh laistigh den Fheidhmeannas faoi bhrú agus go bhfuil teannas ag ardú idir na príomhpháirtithe.

Sular thosaigh Burnham sa ról mar phríomh-aire dúirt sé go minic go gcreideann sé gur chóir go ndéanfaí cinntithe a chóngaraí agus is féidir do na daoine a mhothóidh na himpleachtaí a eascróidh astu. Fós féin, cé go raibh Burnham i mBéal Feirste agus é de sprioc aige an tábhacht a bhaineann leis na hinstitiúidí deabhlóidithe a léiriú, ní hé sin an scéal a d’fhág sé ina dhiaidh. A mhalairt a bhí fíor.

Agus é ag labhairt ar an chur chuige oscailte a bheadh aige maidir le cúrsaí a phlé le polaiteoirí an Tuaiscirt, dúirt Burnham nach mbeadh aon chaint maidir le reifreann ar athaontú na hÉireann ag tarlú le linn a thréimhse in Uimhir 10. Dúirt sé go gcothaíonn reifrinn dá leithid aighneas agus go bhfuil tosaíochtaí eile le dul i ngleic leo ar dtús.

Ní nach ionadh nár aontaigh ceannasaithe na bpáirtithe náisiúnacha leis an seasamh seo agus gur tugadh freagraí láidre air dá réir. Dúirt ceannairí Shinn Féin Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill nach bhfuil sé de cheart ag príomh-aire na Breataine ábhar an athaontaithe a bhaint den bhord agus gur ceist daonlathais í is féidir a phlé gan chead nó gan bheannacht ó éinne.

Agus dlús á chur leis an díospóireacht le blianta beaga anuas, bhí an chuma ar Burnham go raibh sé ag déanamh beag is fiú de na tuairimí atá ag go leor daoine anseo, agus do na forálacha atá i gComhaontú Aoine an Chéasta. Cé gur tháinig an bheirt pholaiteoirí nuacheaptha chuig an Tuaisceart le fuinneamh agus meon dearfach, níl aon fhreagraí simplí ar na ceisteanna atá os a gcomhair i láthair na huaire agus ní cuidiú ar bith é an cur i gcéill go bhfuil.

Beidh orthu na dúshláin a aithint, a ainmniú agus dul i mbun plé leis na páirtithe más mian leo muinín na bpáirtithe sa Tuaisceart a thabhairt leo. A Wicklow woman in Marbella: ‘I would make friends in the summer and they would then go home. But I found my tribe’‘I’m officially retiring from my primary school - and I’ve had a good run’Bond sell-off accelerates globally amid inflation fears

We have summarized this news so that you can read it quickly. If you are interested in the news, you can read the full text here. Read more:

IrishTimes /  🏆 3. in İE

Andy Burnham Chris Bryant Northern Ireland Stormont Budget

 

Ireland Latest News, Ireland Headlines

Similar News: You can also read news stories similar to this one that we have collected from other news sources.

No more summer sunshine for Burnham as the real work beginsNo more summer sunshine for Burnham as the real work beginsLife as UK prime minister will come at him fast, beginning on Tuesday as recess ends
Read more »

Stormont failure to agree budget is ‘catastrophic’ for public services, says think tankStormont failure to agree budget is ‘catastrophic’ for public services, says think tankHospital emergency departments in the North are in ‘perma-crisis’ while about 40% of all planned social homes have been stalled, Pivotal says
Read more »

Former UK prime minister Keir Starmer to stand down as MP for Holborn and St PancrasFormer UK prime minister Keir Starmer to stand down as MP for Holborn and St PancrasKeir Starmer, who resigned as prime minister in July, has announced he will leave Parliament, triggering a byelection in the London constituency of Holborn and St Pancras. The Green party leader Zack Polanski is considering a run for the seat.
Read more »