Sa bhliain 1957, bhí go leor ann nach bhfeicfeadh an turasóir agus bhí roinnt a bhí faoi cheilt ar mhuintir na tíre féin.
Róisín Ingle: Instead of being celebrated, Sinéad O’Connor was mocked, dismissed and derided for far too long
Nach nua-aoiseach a bhreathnaíonn an t-ospidéal a tógadh dhá bhliain roimhe sin ar cholbha thiar na cathrach agus gan ach páirceanna ag síneadh siar uaidh. De réir dealraimh, bhí saol an mhada bháin á chaitheamh ag muintir na Gaillimhe in 1957. Is beag athrú atá tagtha le 66 bliain ar go leor de na radhairc de na sráideanna agus de hAbhainn na Gaillimhe a thaispeántar sa scannán, seachas i radharc amháin ó bhruach na Coiribe ina bhfeictear foirgneamh mór cloiche sa chúlra, áit a bhfuil Ardeaglais na Gaillimhe anois.
Insíonn staitisticí na linne sin cuid den scéal dúinn. Bhí an imirce faoi lán seoil sna 1950idí. Idir na blianta 1951 agus 1961 mhéadaigh líon na ndaoine a rugadh in Éirinn is a bhí ag cur fúthu sa Bhreatain ó 716,028 go 950,978. Tá cathair na Gaillimhe agus cathair Bhaile Átha Cliath lán le turasóirí ó thús go deireadh na bliana anois. Is maith ann iad agus is cinnte go ndéantar roinnt tairbhe astu. Tá áiteanna eile san iarthar agus i lár na tíre atá gann ar chuairteoirí agus atá ar a mbionda ag iarraidh iad a tharraingt ina dtreo.
Bánaíodh oileán Haváí le turasóirí in 2021 i ndiaidh srianta Covid-19 a scaoileadh. I suirbhé a rinne Roinn Forbairt Ghnó & Eacnamaíochta agus Turasóireachta an stáit úd anuraidh, d’aontaigh 67 faoin gcéad den phobal a ghlac páirt ann leis an ráiteas go bhfuil an t-oileán á rith ar mhaithe le turasóirí agus go bhfuil muintir na háite thíos leis.
Ireland Latest News, Ireland Headlines
Similar News:You can also read news stories similar to this one that we have collected from other news sources.
‘An múinteoir an acmhainn is tábhachtaí in aon seomra ranga’Tá tábhacht ar leith le forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus scoileanna lán-Ghaeilge
Read more »
Tuirlingt tuairimeThug Charlie Flanagan tamall grinn dúinn nuair a mhol sé gur cheart na Dúchrónaigh a chomóradh mar chuid den chuimhne ar chogadh na saoirse
Read more »
‘Ní chreidfeá go mbeadh muid anseo in Éirinn ag súil go dtitfeadh báisteach’Tagann tancaer as Gaillimh go hInis Oírr faoi dhó sa ló chun uisce a sheachadadh ón mhórthír.
Read more »
Éirí Amach 1798: Mairbh Chnocán na Mac TíreLeac chloiche a bhfuil cláirseach chré umha socraithe uirthi atá mar chuimhneachán ar mhairbh Éirí Amach 1798.
Read more »
An bhFuilimid ann fós?Is fíor, gan bhréig, go bhfuil an cogadh cathartha idir Fianna Gael agus Fine Fáil i leataobh
Read more »