Tábhachtach go gcuirfear córas nua caighdeán teanga i bhfeidhm ‘chomh luath agus is féidir’
An Coimisinéir Teanga:"Má tá muinín ag an bpobal as na seirbhísí poiblí tiocfaidh an t-éileamh agus treiseofar an t-éileamh a bheas ar sheirbhísí".
Dúirt Ó Concheanainn, a ceapadh sa ról anuraidh, go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfear córas nua na gCaighdeán Teanga i bhfeidhm ‘chomh luath agus is féidir’ chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí suntasacha atá sa soláthar ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge.
“Tá treisiú cearta teanga an phobail ag brath go mór ar an Ghaeilge a bheith i lár an aonaigh i bhforbairt na seirbhísí nua sin,” a dúirt sé.Cé go bhfuil cuid de na forálacha reachta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla curtha i bhfeidhm faoin am seo, dúirt an tUasal Ó Concheanainn go bhfuil forálacha agus gealltanais “suntasacha” eile le cur i bhfeidhm go fóill ag Aire na Gaeltachta.
“Na laigí ba mhó a bhí ag na scéimeanna teanga ná go raibh easpa leanúnachais agus soiléireachta ag baint leis na seirbhísí a raibh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chur ar fáil. Is minic go raibh seirbhísí poiblí ag cúlú seachas ag treisiú ar na gealltanais a bhí tugtha sna scéimeanna teanga agus ba laige ollmhór a bhí ansin,” a dúirt sé.
“Feicim gur mapa bóthair atá sa phlean a leagfaidh amach cén chaoi a bhfaighfear na hearcaithe le Gaeilge,” a dúirt sé.
Ireland Latest News, Ireland Headlines
Similar News:You can also read news stories similar to this one that we have collected from other news sources.
‘Critical period’ ahead for Irish language rights amid ‘large gaps’ in State service provisionAn Coimisinéir Teanga’s Office recorded a 6 per cent overall increase in the number of complaints from the public in 2023
Read more »

La Retirada agus iarsmaí Ionsaí na CatalóineBhí muintir Eric Cantona i measc na dteifeach a d’éalaigh chun na Fraince tar éis titim na Catalóine
Read more »
‘Critical period’ ahead for Irish language rights amid ‘large gaps’ in State service provisionAn Coimisinéir Teanga’s Office recorded a 6 per cent overall increase in the number of complaints from the public in 2023
Read more »
An bhéist mhór, mar dheaFaigheann impireachtaí bás, agus ní bhíonn an bás sin gan a iarmhairt ghránna.
Read more »
Soláthar seirbhísí sláinte agus an GhaeilgeLuaigh rannpháirtithe cásanna ina mbíonn gá ar leith ag othair le seirbhísí cúram sláinte i nGaeilge.
Read more »